School: Clochar na Trócaire, Cill Áirne
- Location:
- Killarney, Co. Kerry
- Teacher: Na Siúracha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Clochar na Trócaire, Cill Áirne
- XML Page 143
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- SgéalOidhche lae Mártain a bhí ann. Dá oidhche déag ó oidhche Shamhna go h-oidhche lae Mártain. Bhí an feirmeóir i dtig tabhairne agus dubhairt sé go raibh aithreachas air ná raibh sé sa bhaile mar nár imthig aon oidhche lae Mártain riamh uaidh ná ón a athair roimis ná marbhóchadh sé mairt. Dubhairt fear an tighe go raibh sé luath a dhóithin fós. “Nílim” ars seisean. Chuir sé dhó chómh tapaidh is d’fhéad sé, agus dubhairt an guth leis é do thógaint go bréagh socair go raibh an méid sin déanta ag a mhac roimis. Chuaidh sé abhaile agus dlfhiafruig sé dá mhac ar mhairbh sé aon nídh. Dubhairt sé gur mhairbh. “Cad a marbhuigís?” ar seisean. “Marbhuigheas caoire dubh” ar seisean. “Cad na thaobh nar mharbhuigís ceann a b’fearr ná í sin?” “Eirig id shuidhe go ragaimíd d’iarraidh ceann a bhfearr ná í.” Ní fhéadfaidís na caoire do chur isteach. Dubhairt a mhac leis dá mbeidís gan caoire do mharbú go deó airís ná raghadh sé féin níos déine ortha. D’éirig an t-athair lá ar na bháireach annsan. “Cad é an t-éiteach a dubhraois liom aréir?” “Ní dubhairt aon(continues on next page)
- Informant
- Pádraig Ó Suilleabháin
- Gender
- Male
- Address
- Killarney, Co. Kerry