School: Clochar na Trócaire, Cill Áirne
- Location:
- Killarney, Co. Kerry
- Teacher: Na Siúracha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sgéal CráibhtheachSgéal é seo in a ngéillead na daoine críonna a cómhnuighead i Lios-Póil agus fiú amháin go dtí an lá atá indhiu ann maireann daoine sa pharóiste a cuimhnigheann ar an muinntir a bhí páirteach sa sgéul.
Baintreach mná a bhí ann. Bhí beirt mhach aici – lad fásta súas ina bhfearaibh scafánta láidre. Bhuail an fíabhras iad, rud nár annamh san t-sean saoghal trí fichid blian ó shoin agus an ndóigh ní h-aon iongnadh go dtaghadh an fíabhras ‘san am san de dheasgaibh an cruadhtain tré ‘na ngeibheadh na h-aindiseóirí bochta – na droch-tighthe a bhíodh acu in a mbhíodh d’ainmidhitibh aiges na daoine bailighthe isteach ‘an chistin sa dubhluchair. Níor bheag de cúis a riaradh san cun aicídí a tarrac ar na daoine. Ach, cun leannúint ar mo sgéul bhuail an fíabhras an bheirt ógánach. Bhíodar sínte ar a leabhtacha agus gan aon tsúil go n-éireóchaidís go bráth airís. Bhí croidhe na máthair briste nuair a tuigeadh dhí go raibh a beirt mhac a’ fághail bháis. Buaileadh isteach ‘na h-aigne go mbfhéidir leis an mbeirt turas a thabhairt thar n-ais uirthi tar-éis a mbás – gur mhór an sásamh ar a h-aigne é. D’iarr sí ortha teacht chúichi dá mbféidir in aon chor leo é, agus ghealladar dí. Cailleadh agus cuireadh ‘an uaig iad. Bhí an mháthair ‘na h-aonar.(continues on next page)- Collector
- Siobháin Ní Chróinín
- Gender
- Female
- Address
- Lackabane, Co. Kerry
- Informant
- Gearóid Mach Gearailt
- Gender
- Male
- Address
- Lios Póil, Co. Kerry