School: Clochar na Trócaire, Cill Áirne
- Location:
- Killarney, Co. Kerry
- Teacher: Na Siúracha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Ar bhárr Straicín Gualann gan buaidhreamh do casadh mé lá...”
Ar bhárr Stricín gualann gan buaidhreamh do casadh mé lá.
Ag féachaint ó thuaidh dom ar cluantaibh Bhaile Mhic Dáith.
I mbaile an Aistinig bíonn rince agus ceól
Bíonn Nóra Ní Ghríbhtha ‘na suidhe annsúd ar stól,
Is ba ghreann leat na géanna ag rinnce ar bhórd.(2)
Ar mo ghabhail tré Bh’l Cliath dhom go dian-mhoch ar mhaidin,
Do chasadh cailín óag orm ar a raibh sgáil na rósaí ar a leacain,
D’fhíafruig an óigbhean “Cá gcómhnuigheann tú a mharcaig?”
Ar an dtuaith atá mo lóisdín ann a cómhnuigheann le sealad,”
“Eactruig sgéal nuadh dhom ó’s tú is déidheannaighe d’fhág an bhaile,
An maireann do chéile nó an raibh sí ríamh agat?”
“D’fhágas ‘m’ dhiaidh í go tinn diacrach sa bhaile
Is doctúir ní bhfaighinn dí a leighisfeadh a galar”(continues on next page)- Collector
- Siobhán Ní Cróinín
- Gender
- Female
- Address
- Lackabane, Co. Kerry
- Informant
- Aindrias Ua Séaghdha
- Gender
- Male
- Address
- Dún Chaoin, Co. Kerry