School: Cor Críochach
- Location:
- Corcreeghagh, Co. Monaghan
- Teacher: Ss. Ó Muireadhaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cor Críochach
- XML Page 353
- XML “Cúig Chéimeanna an Phósta”
- XML “Domhnach Cásca - An Bricfeasta”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)mí-adhbhárach le deor dílleachtuidhe nó mallacht baintreabaighe
Seacht sgalladh do chriodhe ort!
Is léar do’n Dall a bhéal.
Go rabh tarraingt do láimhe agat!
Phós mé bean mar gheall ar eallach,
Thainic an geimhreadh is d’fheann sé an t-eallach
Is tá mé ‘nois gan bhean nó eallach.
Éist le tuile na h-abhna agus gabhfaidh tú breac. - Fadhó shoin nuair a bhíodh an breicfeasta réidh agus bunadh an toighe 'na suidhe thart fá'n mbórd leis an bhreicfeasta d'uibheacha ithe, d'eírigheadh fear an toighe agus thugadh sé ubh agus spanóg leis go dtí an doras. Sheasadh sé ins an doras agus bhriseadh sé an ubh. Chaitheadh sé giota de'n uibh amach agus giota eile isteach agus annsin giota amach agus giota isteach an dara h-uair. Deireadh sé na focla seo de réir mar bhí sé á gcaitheamh amach is isteach!
" Carghas amach,
Caísg isteach
A' donas amach
A' sonas isteach."
Annsin shuidheadh sé shíos agus thoisigheadh siad uilig ar an bhreicfeasta ithe.
Tomás Ó Beirn,
Liosdúnaina d'nnis.S.O'M.- Collector
- Séamus Ó Muireadhaigh
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Informant
- Tomás Ó Beirn
- Gender
- Male
- Address
- Lisdoonan, Co. Monaghan