School: Cor Críochach
- Location:
- Corcreeghagh, Co. Monaghan
- Teacher: Ss. Ó Muireadhaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- You are not logged in, but you are welcome to contribute a transcription anonymously. In this case, your IP address will be stored in the interest of quality control.By clicking the save button you agree that your contribution will be available under the Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License and that a link to dúchas.ie is sufficient as attribution.
- Bhí baintreabhach in a comhnaidhe i gCordubh Ceallaigh fad ó shoin agus bhí mac aici darbh ainm Páidí. Bhí comharsa darbh ainm Seán Mac Cába na comhnaidhe in-aice léithe agus maidin aonaigh na Carraige tháinig sé le Páidí fhagáil mar bhí capall aige le díol ar a aonach agus ba mhaith leis Paidí a thaibhairt leis.
Ar dhóig ar bith chuaidh an bheirt go dtí an t-aonach agus is [?] rabh siad i bhfad ann nair a díodadh an gearrán. Chuaidh Seán fá n-a ghnaithe annsin agus an gasún aige. Tar eis tamaill chrothnuigh sé nach rabh Páidí aige. Chuartaig sé suas is anuas ach cha rabh Páidí le fagáil n-áit ar bith ar an aonach.
Ins an tráthnóna nuair a bhí a chuid oibre deánta d'imthigh sé abhaile. Chuaidh sé go dtí toigh na baintrighe. Tháinig sise amach in-a-aircis [?]
"Chá bhfuil mo ghasún?" ar sise.(continues on next page)