School: Tulca (roll number 1396)
- Location:
- Tullaha, Co. Kerry
- Teacher: Mícheál Ó Dálaigh
![The Schools’ Collection, Volume 0461, Page 234](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0461%2FCBES_0461_234.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0461, Page 234
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Tulca
- XML Page 234
- XML “Obair na nDaoine Fadó”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Chuiridís na prátaí i slíghe eile leis. Dá mbeadh talamh (port) cuibheasach fliuch, fiadhán, lom [aca] dheinidís trínsí tríd agus [d']fhagadaois leithead iomaire eadtorra. Chuiridís na scailpeanna a bhainidís leis an ngafán in aon charnán amháin ins gach iomaire chun iad a thiormú, agus nuair [a] bhídís tir[i]m chuiridís tré theine iad, agus chaithidís an luaithreach ar na hiomairíbh ar an mbán. Thugaidís aoileach ar a ndromanna i gciseánaibh go dtí an port nú riasc, chuiridís na sciolláin (síol prátaí) ar na hiomairí agus an t-aoileach anuas orrtha. Dheinidís na trínsí do rómhar agus do bhriseadh agus chuiridís an chré anuas ar an aoileach le rámhainní. Dheinidís an t-aoileach do chlúdach go coitchianta agus is beag de úsáid a dheinidís de shluaistí in oibreacha na feirme an uair sin. Chonnaic mé an obair san á dhéanamh go minic suas le dathad blian ó shoin.Chuiridís mórán aoil leis na barraí fadó i mBunán. Bhí teineaoil ins gach baile fearainn agus thugadaois an chloch aoil ar dhromanna na gcapall ó Neidín chun í do dhóghadh. Bhíodh srathair (strathar sa lámhscríbhinn) ar gach capall, agus fráma adhmaid anuas air agus is mór an t-ualach a bheiridís sa bhaile leis na capallaibh.(continues on next page)
- Informant
- Pádraig Ó Súilleabháin
- Gender
- Male
- Age
- 65
- Occupation
- Fear poist
- Address
- Milleens, Co. Kerry