School: Tulca (roll number 1396)

Location:
Tullaha, Co. Kerry
Teacher:
Mícheál Ó Dálaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0461, Page 235

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0461, Page 235

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Tulca
  2. XML Page 235
  3. XML “Obair na nDaoine Fadó”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Bhíodh na mná ag sníomh, ag cárdáil, ag fuagháil, ag tarrac lín nú ag dathú ar feadh na hoidhche. Le coirt daire nú cúnlach a fhásadh ar na carraigeacha dheinidís an olann do dhathúghadh de ghnáth agus bhíodh na fir ag déaamh geatairí giumhaise (sciotacháin) mar choinnle, nú ag déanamh téadacha de ghruaig. Bhíodh na téadacha san an-righin, láidir, agus ní raibh aon trácht ar na téadacha atá in úsáid fé láthair. Choimeádadaís gruaig de scothán na mbó agus na gcapall ina gcóir, agus tá na téadacha san le feiscint tímcheall na háite seo acht ní úsáidtear in aon chor acht chun na mbó do cheangailt.
    Maidir le prátaí tá sé suas le ceithre fichid blian ó tháinig an chéad chéachta annso, agus in Eirnín (Aernín sa lámhscríbhinn) agus na Garráin (Guráns sa lámhscríbhinn) (bailtí fearainn i mBunán) ní raibh acht dhá cheann. Is iad na mná a dheineann síol prátaí do ghearradh agus bíonn sgian bheag mhanntach ag an mnaoi. Fágann sí síol ins gach sciollán agus dhá cheann ins gach sciollán
    de[s]n[a] "Champions" ar eagla go meathadh ceann aca mar atá an saghas sin ag dul chun deiridh. An tarna lá tar éis iad do scoilt cuirtear na sciolláin. Faigheann fear nú buachaill nú cailín mála beag ("peithilín") agus cesangalann é nú í le córda timcheall a chuim, agus annsan
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. economic activities
        1. agriculture (~2,659)
    Language
    Irish
    Informant
    Pádraig Ó Súilleabháin
    Gender
    Male
    Age
    65
    Occupation
    Fear poist
    Address
    Milleens, Co. Kerry