School: Kenmare (B.) (roll number 2849)
- Location:
- Kenmare, Co. Kerry
- Teachers: Eoghan Ó Súilleabháin Liam Mac Cuisín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Kenmare (B.)
- XML Page 504
- XML “Muc Mhór an Rí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Muc Mhór a' Rí.Ní ina thig féin a bhíodh sí acht oidhche ins gach aon tig. Mar sin di ó thig go tig agus gach aoinne ag tabhairt aire di gur tháinig sí isteach sa t-sráid. Bhíodh sí a cur ó thig go tig. Thárla go raibh gréasaidhe sa t-sráid. Cuireadh an mhuc cuige. Bhí breis le déanamh aige sin agus b'éigean do bioránach eile de ghréasuidhe a bhí ag gabháil an bhóthair a thógaint isteach.
"Airiu! Is breágh an mhuc atá agat" ar seisean len'a mháigistir. "Muise, mo thruagh" ars an máighistir "Tá's agat ná beadh a leithéid sin de mhuic agam-sa". "Cé leis i?" ars an bioránach "O léis an Rí" ar sé. Leis sin chaith an bioránach uaidh a haméar agus seo amach é. Cheannuig sé cúpla céad guail lena chuid airgid féinig agus dúbhairt sé le bean a tighe go leor uisge teasaidhe do bheith aici igcóir na h-oidhche.
Nuair a tháinig an oidhche bhuail sé buille den haméar ar an mhuic mhóir. Thug an dá gréusaidhe an oidhche ag gabhail di agus bhí sí curtha ar leath-taobh aca ar maidin.(continues on next page)- Informant
- Mícheál Ó hEaluighthe
- Gender
- Male
- Occupation
- Fear poist
- Address
- Dawros, Co. Kerry