Scoil: Bunaneer (uimhir rolla 10242)
- Suíomh:
- Bunaneer, Co. Kerry
- Múinteoir: Siobhán Ní Choncubhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Bunaneer
- XML Leathanach 289
- XML “Scéal Beag”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus dubairt sé léi a dhínneár a tubairt do'n bhfear agus a ráh leis fanmhaint go mbeadh sé féin ollamh. Fuair Eoghan an biadh agus chuaidh sé amach an doras dá ithe' idtreó go bfeicfeadh na fir amuigh é. Nuair do bhí an sagart ullamh do bhuail sé amach go dtí Eoghan. Níor labhair Eoghan ar aon gnó idtreó go gcaithfeadh an sagart labairt uaidh féín.
"Cad é an gnó atá agat díomh?" arsa an sagart fé deireadh.
Innis dom, a athair arsa Eoghan "má is é do thoil é dá bfaigheadh duine airgead ag dul amughadh ar an mbóthar cad badh cóir do do deanamh leis."
"bad cóir dó" arsa an sagart, an t-é do chaill an t-airgead do fhaghbháil da bfeadfadh sé é, agus dá dteipfeadh air é do thabhairt don t-sagart.
"A' bhfuarais puinn de."
Ní bhfuaras riamh, mhaise a athair," arsa Eoghan.
Agus a bhfuaras aoine do thógfadh uait an méid fuairais
Ní bhfuaras a athair arsa Eoghan.
"Tá sé chómh maith dhuit é thabhairt domhsa mar sin," arsa an sagart.
Ó a athair, do ráid (?) Eoghan, "Ní bfuaras aon airgead ag dul amú fós ach is amhlaid do bhí eagla orm go bhfuighfinn é agus ná beadh a fhios agam cad do deanfainn leis
"Ní fhios cad dúbhairt an sagart acht fuair Eoghan an geall.- Bailitheoir
- Siobhán Ní Concubair
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Máire Bean Uí Cártaig
- Inscne
- Baineann