Scoil: Gleann Beithe
- Suíomh:
- Glenbeigh, Co. Kerry
- Múinteoir: Nóra, Bean Uí Fhoghludha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gleann Beithe
- XML Leathanach 405
- XML “Ainmhithe na Feirme”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ainmidhthe na FeirmeAinm an Aithriseóra: Bean Póil.
A Seoladh: Baile na Cille, Gleann Beithe.
A Aois: 50 bl.Is iad so na h-ainmidhthe atá againn sa bhaile, ba, capall. caoire, agus gabhair much, gamhna, cearca, lacain, turcaí agus géana.
Tá chúig ba againn agus is iad so ainmneacha díobh, Dearg, Báinní, Druimfhionn, Ceainní, Cúibí.
Tú tig mór againn cun iad coimheád istoidhche agus i rith an Geimhridh.
Chuirimíd aitinn fé na buaibh cun easararách, gearradh é le grafán ar na sléibhtibh.
Ceangalaimís na ba le píosa slabhra agus téad mór tímcheall na n-adharc agus muna mbeadh na ba maol ceangaltar í mór tímcheall an mhuinéil.
Má bhíonn duine ag tiomáint na mbó deireann sí h-abha, h-abha.
Da mbeadh bó bradach ag duine cuiridís lainncis uirthe cun í do coimeád go ciúin.
Glaodtar corr nasg ar an dtéad a bhíonn fé ceann na bó go dtí an chos.
Chuireadár buarach ar boin a bhíonn crosta(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Labhaoise Ní Póil
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Ballynakilly, Co. Kerry
- Faisnéiseoir
- Bean Póil
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 50
- Seoladh
- Ballynakilly, Co. Kerry