Scoil: Caisleach (uimhir rolla 16018)
- Suíomh:
- An Chaisleach, Co. Kerry
- Múinteoir: Pádruig Breathnach
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sgéal (Diarmuid Ó Copuaidh)Bhí fear ann fadó darb ainm Diarmuid Ó Copuaidh ag múineadh i nGleann Cárthaig fadó. Bhí daoine muinteardha leis i gCeannúig. Bha mhinic a fhágadh sé Gleann Cárthaig ar a dá uair deug san oidhche agus thagadh sé go Ceannúig agus gan aoinne in aoinfeacht leis. An oidhche ceudhna théigheadh go Gleann Cárthaig taréis dá uair a chluig nó níos mó do chaitheamh i gCeannúig. Bhí duine i Ínsebháite a chreid go mór i bpúcaibh agus nuair a thagadh an fear seo go Ceannúig téigheadh sé suas agus bhíodh sé ag ínnsint scéalta mar gheall ortha. Níor chreid an fear ó Gleann Cárthaig in aonchor é. Déarfhadh sé ná feicfeadh sé fén aon nídh an fhaid a bhíodh sé ag teacht ó Gleann Cárthaig go Ceannúig. Oidhche amhain bhí an beirt aca i gCeannúig agus bhíodar ag cainnt agus ag áiteamh mar gheall ar púcaíbh. Bhí sluagh mór ann ag imirt cártaí. Bhí sé tímcheall a h-aon a chlog san oidhche agus dubhairt an fear ó Innse bháite le Diarmuid Ó Copuaidh dá shiúbhalfadh sé ó crois an Caoil go Droichead na Clianach-léithe go bhfeiceadh sé an bóthar lán. Dhein Diarmuid é sin. Bhí sé ana-dhéanach a nuair a tháinig sé isteach agus bhíodh an fear éile a radh gurab amhlaidh a thóg na púcaí leó é. Nuair a tháinig sé isteach ba dhóbair do an fear ó Insebháite a mharbhúghadh agus dubhairt sé ná feacaidh sé féin aon nídh agus na raibh aon púcaí ann. As san amach níor chuaidh an fear ó Innsebháite go Ceannúig.Máirín Ní Dála do scríobh 19-11-1936
Ó M Ó Mórán.- Bailitheoir
- Máirín Ní Dhála
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- M. Ó Móráin
- Inscne
- Fireann