School: Baile an Sceilg (C.) (roll number 8350)
- Location:
- Baile an Sceilg, Co. Kerry
- Teacher: Bríghid Ní Fhianachta
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile an Sceilg (C.)
- XML Page 006
- XML “Abha Cóille”
- XML “An Caoineadh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)leog air bheith marbh. Do rug sise ar chosa air, agus d'iompuig isteach fé'n mbórd é. Nuair a bhí san déunta aice, d'imthig sí, agus chuir sí uirthe an t-áprún síoda nár chaith sí ó phós sí. D'imthig sí annsan, agus chuaidh sí ag glaodhach ar an slataire mar bheadh, agus d'innis sí dhó go raibh an Gabha marbh. Nuair a tháinig seisean go béal doruis an fhir mhairbh, do leog sé sgarta gáire, agus ní mor? ná go bfeicfá a chroidhe agus a aedheanna. An fada a fhanfaimíd gan pósadh anois ar sise leis. Fanam tamall ar seisean le h-eagla go ndearfadh muinntir an bhaile mhóir gur sinne a thug cúis báis do. Im' briathar ná fanfam a mhuise ar sise, mar is ró mhaith ata fhios ag muinntir an bhaile mhóir seo ná raibh m'aigne-se riamh leis an bhfear san. D'ullamhuigh sí biadh do'n strapaire, agus bhíodar ag ithe, agus a gcosa isteach fé bhord an fhir mairbh acu araon. Do ráinig gur thug driofr óg a bhí ag an nGabhainn cuaird air. Do ghaibh sí chun na ceárdchan, agus nuair a chonnaic sí ná raibh sé ar oscailt, b'aithin sí go raibh rud éigin ar a driothár. Chuaidh sí fé dhéin an tíghe, agus nuair a chuir sí a ceann thar doras, do chonnaic sí a driothár fé'n mbórd, agus é marbh. Do ghoil sí a dóthain, agus nuair a bhí a dóthain goilte aice do thosnuigh sí ar caoineadh a dheanamh do.
- (1)
B'fuirist domhsa a aithint ar theacht fe'n sráid dom
Nuair nár chuala fuaim do cheárdchan
Ag bualadh glais, crú, na thairnghe(continues on next page)- Collector
- Síghle Ní Shúilliobháin
- Gender
- Female
- Informant
- Seán Ó Ciarbhaic
- Gender
- Male
- Age
- 90
- Address
- Baile an Sceilg, Co. Kerry