School: Athgarvan, Curragh (roll number 13350)
- Location:
- Athgarvan, Co. Kildare
- Teacher: Bean Mhic Niocaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Athgarvan, Curragh
- XML Page 166
- XML “Scéal M”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal M
“Bhí duine muintearda leo agus Brían Ó Céarnaigh ab' ainm dó.”
Bhí triúr de mhuintir Chearnaigh 'na gómhnuidhe in aice le tigh m'athair i gCill Mháille. Bhíodar suas le 60 bliadhain d'aois nuair a bhí m'athair 'na stocach. Nuair a théigheadh m'athair isteach sa tigh chúca ní stadfaidís ach innsint scéal dó. Go mór mór scéalta ag cur síos ar na sprideanna agus púcaí a chonnaic a muintear féin i Carrahen mar is ón áit sin a thangadar go Cill Mháille . Bhí feirm bheag acu i gCill Mháille ach nuair a bhíodar 'na gcómhnuidhe i Carrahen is amhlaidh a bhíodar ag obair do dhuine uasal. Seo síos cuid des na scéalta a d'innsídís.Bhí duine muinteartha leo agus Brían O Céarnaigh ab ainm dó. Bhí sé in aimsir ag duine uasal agus is minic a bhíodh air an chuid is mó den oidhche a chaitheamh ag gabhail mór timcheall coille ar eagla go mbeadh aoinne ag goid na gcoiníní. Bhí tigín beag ag Brían ó Céarnaigh ach bhí sé tamall maith ón dtig-mór. Bhí sé oidhche ag dul abhaile go dtí a thigín féin agus bhí sé an-dhéanach. Bhí sé ag gábhail trí pháirc agus é ag siúbhal ar shórt casáin a bhí ag rithtrí lár na páirce. Bhí bearna ar an gclaidhe os a chomhair amach agus bhí sé ag déanamh ar an mbearnan nuair a d'airigh sé an tóir ag teacht 'na threo. Cad a bhí ann ach an-chuid marcach(continues on next page)- Collector
- Bríghid Bean Mhic Niocaill
- Gender
- Female
- Occupation
- Múinteoir
- Informant
- Cearnaigh
- Gender
- Male
- Address
- Kilmaley, Co. Clare