School: Athgarvan, Curragh (roll number 13350)
- Location:
- Athgarvan, Co. Kildare
- Teacher: Bean Mhic Niocaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Athgarvan, Curragh
- XML Page 189
- XML “Scéal T”
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal T (continued)
“Bhí Bean Uí Cheallaigh oídhche Aoine éigin ag ullmhú chun dul go hInis maidin lae....”
(continued from previous page)na haigne ag bean Uí Cheallaigh ná go mbeadh an caipin lotuigte [?] tar éis a trioblóide ar fad agus ó feach sí air go dubh-bhrónach. Annsan d'eirigh sí duine á radh "Tch leh, léh,[?] " taibh thíar dí. "Leis sin" adeiread sé féin, " do thuigead gurab amhlaidh a bhí an chistin ag teasbháil ó na daoine maithe agus níor fhanas le dada a déanamh ach dul de leimh isteach sa leaba gan mo bhróga ná mo chuid éadaigh do bhaint díonn". Nuair d'eirigh a fear ar maidin bhí an cuipín i lár an urlár ach níl im a rádh gurab iad na sideóga a chur ann é.(no title)
“Bhí feirmeoir ina gcómnuidhe in aice lei i Litir Ceallaigh nuair a lei sí na cailín óg.”
Bhí feirmeoir ina gcómnuidhe in aice lei i Litir Ceallaigh nuair a bhí sí na cailín óg.Bhí da fheirm aige. Bhí ceann acu ana - congarach do thig atar bhean Ui Cheallaig agus bhí an ceann eile cúpla míle ó a thigh. Bhí truir mac aige ach cailleadh duine acu nuair a bhí sé breis is fiche blian d'aois. Annsan i gcean ramaillín thug an t-athair an fheirm sa bhaile don mhac ba shine a bhí aige agus thug sé an fheirm eile don tarna mhac. Bí go maith is ní raibh go holc. An-fhear chun oibre do beadh an tarna mhac ach bhís sé an-thugta ar fad do chártaí. Comh luath agus bheadh obair an lae criocnuighthe aige racad sé amach go tigh comhnrsana éigin agus caithead cúpla uaire a chluig ann ag imirt cártaí.
Ach nuair a fuair sé an fheirm agus nuair a posadh ann é d'eirig sé as na cártaí ar feadh(continues on next page)