School: Athgarvan, Curragh (roll number 13350)

Location:
Athgarvan, Co. Kildare
Teacher:
Bean Mhic Niocaill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0776, Page 190

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0776, Page 190

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Athgarvan, Curragh
  2. XML Page 190
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title) (continued)

    Bhí feirmeoir ina gcómnuidhe in aice lei i Litir Ceallaigh nuair a lei sí na cailín óg.

    (continued from previous page)
    cúpla blaidna. Bhí siopa beag in aice leis an dtigh nuadh a bhí aige agus théigheadh buacaillí na haite ann gach oidhche ar cuairt díob féin agus uaireannta bhíodh síad ag imirt cártaí agus uaireannta ná bhíodh. Sa deire níor fheád an fear gan dul in eicfeacht leo. Bhí sé de lath-scéal aige go raibh cuideactan go leór sa bhaile ag a mhnaoi nuair a bhí leanbh nó beirt aici.
    Thosnuig sé mar sin ar na cáirtí, ach má dhein, gach oidhche nuair a thuiocfaidh sé abhaile bíodh a bhean leach-mharbh leis an scannrad roimhis. Sé an scéal céadta a bhiodh aici i gcómhnuidhe, ná raibh sé i bhfad intighthe ón dtigh nuair a thosnuigeadh an tóir agus an fothrom mór- thimcheall an tihe ach ná sradadh sé chun go mbeadh sé sa bhaile beagnach. Anois is arí d'fhanadh an fear sa bhaile, ach an oidhche d'fhan sé sa bhaile níor airig sé pioc mar ní raibh faic le cloisint. Annsan cheap sé gur ag innsinc bréagh a bhí a bhean d'fhonn é a choiméad sa bhaile gach oidhche, ach oidhce áirighthe nuair a tháinig sé abhaile ní raibh bean na páiste ann roimhis. Rith se amach go tig comhursana á lorg agus ceart go leó bhí an bhean ann ach ní mór ná go raibh n t-anam iontí. Bain eadh an-geic ar fad aisti an oidhche sin. Thug bean a chomhursana aghaidh na muc is na madraí air annsin. Dubhairt sí gur mór an náire dho beich ag dul amach ar a chuairt gach oidhche agus an fhios aige go maith go mbeadh sprideanna
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Location
    Kilmaley, Co. Clare
    Collector
    Bríghid Bean Mhic Niocaill
    Gender
    Female
    Occupation
    Múinteoir
    Informant
    Bean Thomáis Uí Cheallaigh
    Gender
    Female
    Address
    Kilmaley, Co. Clare