School: Inis Cléire, Dún na Séad
- Location:
- Cléire, Co. Cork
- Teacher: Donncha de Búrca
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Inis Cléire, Dún na Séad
- XML Page 019
- XML “Scéal”
- XML “A Díol Purgadóireacht”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)dubhairt leis a' bhfear a bhí ar an gcarraig go ndubhairt an sagart ná raibh aon deis ag drom an Uabhair ar na Flaithis go bráth.
Leis sin léim an fear síos isteach i bhfairrge agus an chéad callaithe a chuir sé ar an mbán agus an tarna callaithe do rug sé ar sálaibh ar an bhfear a bhí ag an mbeárnain. Siúd sa choisidheacht suas leis agus ní mór nár sciob an tríomhadh callaithe chun siubhal é, ach pér domhan é thug sé na cosa buinn (?) leis agus mhair sé chun an sgéal a innsint.
Cáit Ní Dhrisceoil, Cumolán.
Fuair sise ó: Donnchadh ó Drisceoil, Cumolán, 25 bl.
Fuair sé sin ó shean duine éigin a bhí marbh é. - Dhá anam a bhí a díol a bprugadóireacht ar bhruach faille mar a riabh scairt drisleacha a fás. Do bhí dris mhór fhada a fás amach thar bhruach na faille agus é a' síor luascadh agus a bualadh isteach 's amach i gcoinnibh na faille. Bhí anam acu ar bharra na drise sin agus an t-anam eile ag á bun sa bhfothain. Is mó oidhche fhada annróghach a chaitheadar ann, ach an oichche seo thar oidhcheannta an tsaoghail do shéid sé 'na ghála is 'na bháistigh is na shneachta agus bhí an t-anam bocht a bhí amuuigh ar bhárr na drise báidhte, bascuighthe.
Do fhéuch an t-anam a bhí istig amach air agus tháinig truagh aige do. "A dhuine bhocht," ar seisean leis, "go deimhin is truagh liom tú amuigh annsan, a m'bháil leat teacht isteach annsa go fóil do raghainn-se annsan amach(continues on next page)- Collector
- Cáit Ni Drisceóil
- Gender
- Female
- Address
- Comalán, Co. Cork
- Informant
- Máire B. Uí Drisceoil
- Relation
- Parent
- Gender
- Female
- Age
- 56
- Address
- Comalán, Co. Cork