School: Inis Cléire, Dún na Séad
- Location:
- Cléire, Co. Cork
- Teacher: Donncha de Búrca
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Inis Cléire, Dún na Séad
- XML Page 023
- XML “Na Gréadaig”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Timcheall le dhá bliadhain deug agus ceithre ficead ó shoin, do bhí mórán daoine ar Charraighín an Fholair agus do cnochadar bád fad a radhairch amach ar an bhfairrghe. Do tánadar go léir go licín, agus do chuireadar síos bád beag chun dul fé na géin.
Nuair a cuadhar chómh fada leí cad a bhí ann ach bád luinghe ó'n Gréigh a cailleadh timcheall le seachtmhain roimhis sin. Do bhí ceathrar fear sa bhád luinghe agus do fuair an chuid eile aca bás leis an fhuacht agus leis an ochras. Do bhí an ceathrar a bhí sa bhád leis nách mór marbh. Ní fheadhfaidís suidhe ná seasamh, do bhíodar chómh buailthe amach san. Acht pé an sgheul é do tug muínntir an Chínn Thoir go Cuas-a-Dubhghlas iad, agus do thugadar suas ar chlár iad go tig Dhonnchada Ó Drisceóil iad, mar bé sin an tig ba ghoire do'n Cuas.
Do fuaireadar biadh agus deoch sa tig sin chun iad féin do téithe, agus do fuaireadar feistheas chómh maith agus do bhí ag daoine bochta an uair sin.
Do thug An tAthair Dáibheas, sin é an sagart a bhí i gCléire san aimsear san, thug sé sin leis duine dos na fir agus thug sé aire do.
Nuair a tánadar cútha féin do chuadhar abhaile sa Gréig agus amach ó Fiall Cua do cuadhar. An lá a bhíodar ag dul amach dubhairt na sean-daoine go raibh caoíne i gCuaisíní Fiall Cua chun gur imthig an bád amach as radhairch an Oileáin. Is é an ainim a bhí ar bheirt dos na fir ná Fut agus Mach Éolain. Do bhí máta na luinghe ar dhuine do's na fir agus do bé a driotháir sin an Captaén, acht do cailleadh é sin, agus dubhairt duine éigin leis an Máta lá éigin gur mhór an truagh an longh bhréag san a chailleamhaint, acht sé an freagra an thug an Máta air ná;"Tá aimeadh(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Drisceóil
- Gender
- Female
- Address
- Comalán, Co. Cork
- Informant
- Ciarán Ó dRISCEÓIL
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 55
- Address
- Comalán, Co. Cork