School: Inis Cléire, Dún na Séad
- Location:
- Cléire, Co. Cork
- Teacher: Donncha de Búrca
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Inis Cléire, Dún na Séad
- XML Page 024
- XML “Na Gréadaig”
- XML “Scéal - Leanbh a Saoradh ón mBás”
- XML “Scéal - An Madra Bán”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ag fás a dhéanfadh long, acht ní fhásfadh aon aimeadh a dheanfadh driotháir.”
- Aon lá amháin fadó, do tháinig bád mór lán do shaighdiúirí ar dtír go Cuas a’ Báid, agus san aimsear sin ceudhna san ní raibh fear san Oileán na bíodh amuig ag iascaireacht. Ní bíodh sa bhaile acht na mná agus na páistí. D’imthig na saighdiúirí fé'n Oileán siar, agus do tugadar an eire do iasg agus do chaoirigh rómpa aniar. Do bhí duine dhos na saighdiúirí a thug leanbh roimhis, agus do lean máthair an leinbh aniar é go dtí an Cuas, agus do bhí an saighdiúir chun an leanbh do chaitheamh síos leis an gChuas, acht do chuaidh an máthair ins na hachíní air gan a deanamh.
Tárraingh sí réul dho ar an leanbh, acht, “Biodh sé ‘na mhargadh,” ar seisean, agus do fuair sí an leanbh, agus d’eirigh an leanbh suas chun bheith ‘na fhear mhaith. Sé an t-ainimh a bhí air ná Pádruig Déasach, agus ó'n lá san amach ‘sé an ainim a ghlaodhach na daoine air ná “Pádruig Déasach an luach réalach is fearr a bhí riamh in Éirinn.”- Collector
- Máire Ní Drisceóil
- Gender
- Female
- Address
- Comalán, Co. Cork
- Informant
- Concúbhar Ó Drisceóil
- Gender
- Male
- Age
- 58
- Address
- Ceathrúna, Co. Cork
- Do bhí bacach ag siubhal roimhis tré Chléire uair amháin, ag iarraidh déirca, agus tháinig sé go tig go raibh páistí ag súgradh as cóir an dorais amach. Bhí madrín bán aca, agus nuair a connaic na(continues on next page)