School: Inis Cléire, Dún na Séad

Location:
Cléire, Co. Cork
Teacher:
Donncha de Búrca
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0295, Page 038

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0295, Page 038

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Inis Cléire, Dún na Séad
  2. XML Page 038
  3. XML “Piseoga agus Leigheasanna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    11) Anál ganndail bháin a bheadh fé chliabh feadh h-oidhche 'na throscadh a chur trí maidneacha i mbéul an té go mbeadh an Chraos galar air is leighisfead sé an Chraos ghalar.

    12) Leigheas don craobh fhabhar faíne óir a cimilt de.

    13) Eascú Luatharach a gcimileófá dod' theangain é; ní braithfeá iarann dearg a bhualadh uirthi.

    14) Ní ceart mná a bheith i dtracaill go mbeadh corp ann. Ní ceart leis "Láir" a bheith fé thruacaill go mbeadh corp ann.
    Ní ceart do bhean a beadh ag íompur leinbh dul isteac sa roillig.

    15) Ní ceart uisge na gcos a chaitheamh amac istoidhche.

    16) Dá mbeadh leanbh mic sa tig ba cheart a chosa a níghe ar dtúis. Chuala agam shean-mháthair tig a bhí ann ná raibh ann ach clann inghean go nigeadh an bhean cosa an choilig roimis na h-ingheanacha.

    17) Ba cheart an t-uisge glan a bheith istig ist oidhche sara a dtéigheadh na daoine a chodladh. Teastochadh sé ó sna daoine marbha tiocfadh ist oidhche.

    18) An té go mbeadh an Lámh marbh aige, ár mhaith leis é, d'fhéadfadh sé teacht os do chómhair amach agus ní fheicfeá é.

    19) Dá dtagadh cinniúint ort, caithfí cuid den ainmhidhe go n-imtheóch a inniúint uirthi a chur i dteorainnn na dtrí bparóistí. D'iómpóch
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. belief (~391)
        1. folk belief (~2,535)
    2. activities
      1. medical practice
        1. folk medicine (~11,815)
    Language
    Irish
    Collector
    Seósamh Ó Drisceóil
    Gender
    Male
    Address
    Cnocán na mBairneach, Co. Cork