School: Inis Cléire, Dún na Séad
- Location:
- Cléire, Co. Cork
- Teacher: Donncha de Búrca
![The Schools’ Collection, Volume 0295, Page 121](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0295%2FCBES_0295_121.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0295, Page 121
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)agus do tugadh chun siubhail a raibh do canafás aca agus do bhí an tárach caitthe ar ceann a bíoma. Do thug an captaén agus na hoifigí suas go raibh sí caillthe mar do bhí sí ag deunamh uisce. Dubhairt an captaén leó go léir dul síos sa chabhán agus an teudach a bfearr a bhí aca do chur umpa mar rabhadar caillthe. Do chuadar go léir síos ach amháin Dómhnall Mór. Do chuaidh sé sin síos cun cínn agus do aistrig sé an tadhmad go léir do bhí innti agus do thóg sé an tárach ina suidhe ar a ceile d'íaraid airís. Do dheineadar an cuan i dTalamh an Éisg. Do bhí an captaén agus na hoifigí lúgáireach go leór toisc iad a mhaireachtain. Do chuir an captaén sceula chun ceanuidhe na luinge feuchaint cad é an luach saothair a bhí le fághail ag an té a shábhail iad. Chuir na ceanuidhthe sceula thar nais á rádh go raibh coróinn sa ló le fághail ag an bhfear san gach lá is an fhaidh a mhaireadh sé. Do chaitheadar an oidhche go meireach is go lúgáireach i dTalamh an Éisg. Do imthigh duine anall is duine abhus agus nuair a tháinig an lá agus nuair glaodhadh na cúntairí ní raibh Dómhnall Mór lé fághail. Do cuireadh cúrdach air agus do fuaireadar marbh sa tsneachta é. Do dhein duine éigin coínne do annsan:-
"A Dhómhnaill Mhóir, is truagh ar lár thu,
Gur asnamh ar Cléire go lá an bhais tu,
Gur i lúng ghúalaig, a thugais an barr leat,
Ag dul go Talamh an Éisg ag deunamh ádhmair
Bhailig: Cáit Ní Drisceóil, Cumolán, Inis CléireFuaireas ó: Chonchubhar Ó Drisceóil, Ceathramhna- Collector
- Cáit Ni Drisceóil
- Gender
- Female
- Address
- Comalán, Co. Cork
- Informant
- Conchubhar Ó Drisceóil
- Gender
- Male
- Age
- 58
- Address
- Ceathrúna, Co. Cork