School: Inis Cléire, Dún na Séad
- Location:
- Cléire, Co. Cork
- Teacher: Donncha de Búrca
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Inis Cléire, Dún na Séad
- XML Page 150
- XML “Scéal”
- XML “Comalán”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)nuair d'eirigh an bhean d'inis sí an sgéal go léir dá fear, agus díreach nuair a cualaidh a fear é, do rith sé amach an dorus agus cuaidh sé go dtí tig a' tsagairt láithreach, agus dubhairt sé leis an sagart Aifreann a rádh ar son anam a áthair agus dúbhairt an sagart é. Annsan cuaidh an fear abhaile agus níor chuir a áthair a thuille trioblóide ar go dtí lá a bháis.
Proinséas De Búrca
Trá Cíaráin ó Nóra Bean De Búrca - Do bhí tímcheall lé deich thig ar fhiceadh i gCumalán fadó shoin, níl acht aon tig deug ann anois. Deirtear gur theas in aice lé loch a' Cumaláin a bhí na tighthe go léir sular roinnibh an talamh agus go raibh lána mór tighthe ann. Tá cúm theas in aice an locha agus deirtear gur ins an cúm sin a bhí an lána agus gurabh é sin an fáth gur tugadh Cúm-a-Lána nó Cumalán ar an mbaile fearthain.Do chuaidh ana chuidh daoine ó'n mbaile go Meirica ó aimsir a'Ghortaigh. Sé an sloinne is mó atá sa bhaile ná Ó'Drisceóil. Tá cnoc ar an dtaobh theas de'n bhaile agus sé an ainm atá air ná Carraigín an Fholair. Sé an fáth gur tugadh an ainm sin air toisc go dtagadh folar ann(continues on next page)
- Collector
- Cáit Ni Drisceóil
- Gender
- Female
- Address
- Comalán, Co. Cork
- Informant
- Ciarán Ó Drisceóil
- Gender
- Male
- Age
- 56
- Address
- Comalán, Co. Cork