School: Inis Cléire, Dún na Séad
- Location:
- Cléire, Co. Cork
- Teacher: Donncha de Búrca
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)A' ndúnfá do shúile agus 'á dtógfá cloch amach as an dtobar pé'n guídhe a dhearfá go geóbhfá é. Is minich a leiseadh duine ag an gallán dá mbeadh lámh teinn nú cos teinn ag duine, cuir i gcás, agus dá gcimileóchadh sé igcoinnibh an galláin é mar atá rían na cúig mhéarna do leisfaí é.Do tháinig ceannuightheóir stuich go Cléire fadó agus do cheannuig sé tarbh. Do thug sé go Trá Ciaraín an tarbh agus do cheangail sé do ghallán Chiaráin é. Ní raibh sé abh'fadh ceangailthe nuair a lúb an gallán agus dimthig an teud de agus do thosnuig an tarbh ag búirig agus do imthig sé ar buille ar fuid na trá. Annsan do thug sé a aghaidh ar an bhfairrghe. Do thosnuig sé ag rólláil agus nuair a tháinigh an fear gur leis é a' trial air do bhí an tarbh báidhthe. Do ceangaluigheadh bád air uair eile agus nuair a tháinig na daoíne gur leó í a' tríal ar an mbád ar maidin, do bhí an bád imthigthe. Do fuaireadar ina diaidh sin í slán sábhálta i gCuaisín a' Tuirc.
Tá teampall in aice lé Trá Chiaráin leis go nglaodhtar Chill Chiaráin air. Deirtear gurabh é Naomh Ciarán féin a thóg é. Tá roilig tímpall ar an dteampall agus is ann a cuirtear muínntir Cléire. D'fágh Naomh Ciarán le huadhacht aoinne a bheadh curtha isthig sa roilig ná raghadh sé go h-ifreann go deó. Coimheádann gach duine igCléire Lá 'le Ciaráin sin an 5adh lá de Mhárta saoíre gach bliain. Deirtear go raibh fear igCleíre(continues on next page)- Collector
- Cáit Ni Drisceóil
- Gender
- Female
- Address
- Comalán, Co. Cork
- Informant
- Ciarán Ó Drisceóil
- Gender
- Male
- Address
- Comalán, Co. Cork