School: Inis Cléire, Dún na Séad
- Location:
- Cléire, Co. Cork
- Teacher: Donncha de Búrca
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Inis Cléire, Dún na Séad
- XML Page 158
- XML “Luibheanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá dhá luibh ag fás igCléire agus do dheanaidís díobháil des na ba, siad san, Meachann Dá thógha agus bainne Cía Ean. Dá níosfadh na beithídhig iad do mharbeóchaidís iad ach ní dheanfadh bainne cía ean aon díobháil do ghamhna. Nuair a bhíonn an cruithneacht ag teacht aníos bíonn slacar ag fás tríd go nglaodhtar puirseach bhuidhe air. Bíonn rud ag fás ar na clocha agus sé an ainm atá air ná Ruascar na gCloch. Do deintí úsáid de fadó shoin chun eadach a dathúgha. Do chuireadh sé dath dearg ar eadhach.
Tá billeóg glas ag fás agus sé an ainm atá air ná slántas. Dá gcuirfá isteach id beul é, chun é do fhluichta, agus dá mbeadh meur gearrtha agat, chuir i gcás dá gucirfá ar an meur é do stadfhadh sé an fuil. Bíonn billeóga ag fás tríd na clathaca go nglaodhtar leacán air. Do tugtí do ghamhna é fadó shoin. Bíonn rud ag fás ar na cnuic go nglaodhtar sáiste cnuich air. Do beiríughtí é fadó shoin. agus d'óltí an tuisce. Tá ana leigheas ann. Tugtar neantóg des na mucha. Tugtar caisearabhain des na cearca agus des na mucha leis.Bhailig: - Cáit Ní Drisceóil, Cumolán
Fuaireas ó: Nóra Bean Uí Drisceóil, Cumolán- Collector
- Cáit Ni Drisceóil
- Gender
- Female
- Address
- Comalán, Co. Cork
- Informant
- Nóra Bean Uí Drisceóil
- Gender
- Female
- Age
- 41
- Address
- Comalán, Co. Cork