School: Baile an Chaisleáin
- Location:
- Castletownshend, Co. Cork
- Teacher: Seán Ó Donnabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile an Chaisleáin
- XML Page 253
- XML “Old Traditions”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)253
... dom a bhfeaca sé an madra agus ní gádh a rádh go raibh iongadh orm nuair a dubhairt sé go bhfeictí an sprid ann.
"Stróinséirí" iseadh sinne annseo agus ní raibh mo bhean ach bliadhain ann nuair a tharla an "eachtra" sin. Ta dhá bhliadhain deug caite ó shoin agus ní bhfuaireamar aon mhíniú ar an madra bheith ann ach an sean sceul d'athbheodhchaint.
An Ghealach.
Ní ceart feuchaint uirthi tré ghloine an cheud radharc t'réis an duibhe-ré. Is ceart do gach fear a hata do bhaint de agus fíoghar na croise do dheinamh nuair a gheibheann sé an chéud radharc uirthi. Má bhíonn airgead id phóca is maith an rud é chasadh - an duine a dheneann sin ní bheidh aon ghanntanas air go ceann na míosa.
Má bhíonn an ré 'na luighe ar a drom beidh báisteach ann ar feadh na míosa .
Seo sceul d'airgheas i dtaoibh fir sa chomharsanacht so tamall ó shoin agus tá súil agam na feictear i gcló é. D'feuch sé ar an gcorrán ghealaighe, bhain sé de a hata agus do dhein se fioghar na Croise. Annsan do chas se ar chomharsain a's seo mar a chríochnuigh sé na "paidreacha". "Feuch ar an "____________" na luighe ar a thón anáirde annsan.
Mallacht De air".
Eagla na báistighe a bhí air.
D'airgheas gur aomharach an rud don ceaglach bheith na suidhe fé sholus gealaighe ag teacht isteach tríd an bhfuinneoig, agus deir daoine eile nách ceart a leitheid a dhéanamh in aon chor.