School: Duíbhlios
- Location:
- Deelish, Co. Cork
- Teacher: Seán Ó Súilleabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Duíbhlios
- XML Page 136
- XML “Ainmneacha Páirceanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá feirm mo athair suidhte 3 1/2 thiar thuaid ó Dhrom Da Leig ta áit in aíce an chróis bhóthair ag dúl go dtí ár dtigne agus tugtar carn na bfraochán air.
Ar aghaidh ár dtighe amach ta páirc ar a tugamaid PÁIRCÍN ROBÁIRD. Níl fhios ag aoinne cé'r bhé Robaird, tá páirc eile ann agus tugtar PAIRCÍN AN UACHTAIR uirthi. Deirtear gurab amhlaidh go mbíodh uachtair san bainne nuair a bhíodh na ba ag inbhear san bpáirc so. Ta sé fe fhéar i mbliadhna.
Ta páirc eile ann agus tugtar PAIRC AN MHULLAIG uirthi sé an brígh atá leis sin na go bhfuil sé ar mhullach Chnuic.
Tá páirc árd eile againn ar a dtugimid AN MAOILIN, mar tá cnocán árd 'na lár
Tá ainm ar pháirc éile agaínn leis PAIRC AN TULLACHAÍN, bí tullacháin mór cloch na lár fadó ac níl sé ann anois, dúbhairt mo athair liomsa gúr caitheadh amach é blíanta ó [?] agus gur deineadh claidhe dhe.
Ta páirc eile againn leis agus tugtar AN LEACA air.
Ta dhá pháirc eile in aice in aice a chéile agus tugtar PHÁIRC AN CHROIDH MHOIR ar ceann aca agus PHAIRC AN CHROIDH BHIG a tugtar ar an gceann eile, bhiodh croidhte annso fado- Collector
- Pádraig Ó Súilleabháin
- Gender
- Male
- Address
- Baurgarriff, Co. Cork