Scoil: Cill Mhic Eoghain (uimhir rolla 9848)

Suíomh:
Cill Mhic Eoghain, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Domhnall Ó Hurdail
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0276, Leathanach 028

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0276, Leathanach 028

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill Mhic Eoghain
  2. XML Leathanach 028
  3. XML “Comharthaí Báistí agus Stoirme”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    dhúinn ná mar a táid deirtear go mbeidh fearthainn againn. Cómhartha báistighe iseadh é nuair a bhíonn na carraigeacha ar an gcnoc ag glioscarnaig.
    Nuair a bíonn bearradh na gcaorach le feiscint sa spéir ós ár gcionn, deireann na daoine go mbeidh báisteach ag teacht go mear. Ins an tráthnóna nuair a bhíonn an spéir go dearg ar an dtaobh thóir deirtear go mbíonn báisteach nó aimsear fluich ag teacht agus nuair a bhíonn sé dearg ar an dtaobh thíar deirtear go mbíonn aimsear mhaith ag teacht.
    Cómhartha báistighe iseadh é, nuair a bhíonn an súith ag tuitim síos an simné. Nuair a bhíonn na lacain ag screachadh ós árd, deireann na daoine go mbíonn fearthain ag teacht. Nuair a bhíonn fallaí an tíghe ag féachaint go gorm deirtear go mbíonn fearthain ag teacht go mear[?]. Comhartha báistíghe iseadh é ins an Samhradh nuair a bhíonn siongán
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. seanchas aimsire (~6,442)
    Teanga
    Gaeilge