School: Tráigh Phraisce (C.) (roll number 5566)
- Location:
- Trafrask, Co. Cork
- Teacher: Eibhlín, Bean Uí Chonghaile
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Corcaighe ar tuitim na h-oidhche. Fear ana mhaith do beadh é cun siubhal. Tugh sé uibheacha leis go dtí Corcaigh cun iad do dhíol agus cun rudaí i gcóir an tighe do ceannach. Síad na rudaí a ceannuigh sé na plúr agus min agus thug sé té agus súicre do dhuine de a comarsain. Cuir sé an plúr ar a gualainn dheas agus an min ar a gualainn clé agus an té agus an suicre fén a n-ascail agus gluais sé leis abhaile. Níor stad sé ar feadh an turas ach aon úair amáin agus ins an áit sin feín níor thógh sé an min ná an plúr de bhárr a dhruim. Ní raibh aon duine in-aonfhacht leis agus ní raibh aon uaigneas air. Is mó trácht a bhí ar píobaire na Gruaige ag na daoine. Do bhíodh sé i gcomnaidhe in-aonfacht le na daoine sidhe. Do mhúineadar san alán ceol dó ach ní raibh cead aige iad 'do sheint do aon duine a bheadh in-a beatha. Do coiméadh sé a geallaimhte ar feadh i bfad ach bhí sé i banféis úair bhí na daoine ag tathaint air iad do sheint ach sa deire dhein sé rud ortha cun ceann acu do sheint agus ní fada do mhair sé in dhiaidh san mar bhí a geallaimhnte briste aige.
- Collector
- Siobhán Ní Shúileabháin
- Gender
- Female