School: Tráigh Phraisce (C.) (roll number 5566)
- Location:
- Trafrask, Co. Cork
- Teacher: Eibhlín, Bean Uí Chonghaile
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)do scéith duine éigin rún a bhí acu agus dubhradar go raibh fhios acu cé dhein é ach bhí dearmhad ortha do loiteadar tig na mba agus gach rud gur leo é
Uair amháin thógh leanbh bosca lasáin amach ins an iothalainn agus dearg sí iad agus cuir agus cuir sí súas cun an féir iad. D'ógadh gach pioch den féar
Tháinigh bád beag ó Beanntraighe isteach go dtí an cuan tháinig stoirm agus do báthadh iad fuaradh duine díobh inaice na trágha lá ceapadar gur protastúnach abheadh é. Do cuireadar é in aice na trágha ní théigheann aon uisge isteach sa pholl sin dá olcas é an lá.
Cifeá rian na gorta in áiteannaibh ins an paróiste seo fós. téigheadh fear go dtí an taobh eile den cnoch ag obair i gcóir ceithre pingine sa ló. Oidhche amháin núair a tháinigh sé abhaile bhí an beirt leanbh taréis bás d'fagail leis an ocras. Ní raibh aige le déanamh ach iad do cur taobh amuigh den doras agus cifea a h-uaigeanna ann indiu.
Do bhí fear in a cómhnaidhe in Eadargóil in aimsear an gorta, do dhein sé saghas mine agus tug sé dos na daoine le n'ithe agus is é an rud a cuir an breoidheacht orta- Collector
- Dóra Ní Shúilleabháin
- Gender
- Female