School: Scoil N. Mocomóg
- Location:
- Cappaboy More, Co. Cork
- Teacher: Seán Ó Macháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Scoil N. Mocomóg
- XML Page 175
- XML “Scéal an Dréimire”
- XML “Scéal a Bhí acu i gCamfóla Fadó”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Seo scéal an DréimireBreis trí fichid bliáin ó shoin ní raibh i bparóiste na dtuath ach séipéal go raibh díon air in [inead?] sloinne. Is dócha go raibh an scéal céadhna le h-insint i dtaoibh an cuid is mó do séipéalaibh na hÉireann leath-chéad bliain o shoin ach ní baineann se lein scéal seo.Do bhíodh sa séipealáibh dréimire sínte cos an fhalla. Ní raibh sa pharóiste acht an dréimire amháin cómh mór leis agus nuair a bhíod na feirmeóirí ag chur tuighe ar a gcuid cocaí stór agus stachaí bíodh ann. Bhíodar ag éileamh ar dreimre mór a'tsagairt agus is mó phic prátaí agus punt [olna?] a fuair Donnchadh a'cléirig i dtaoibh íasacht an dréimre.Bhí an dréimre ag imtheacht agus ní thabhairfidís thar n-ais é in aon chor. Fé deireadh do thuit slinn ar ail séipéal le neart asa gaoithe agus d'imthigh an sagart féin fé dhéin an dréimre, agus dubhairt sé leis a chléirigh gan an dréimre a thabhairt uaidh a thuille. An Domhnach na dhiaidh sin bhí sé ag tabhairt seanmóir uaid. D'fheuch sé síos agus ní raibh an dréimre ann."A Dhonnchadha ar seisean, cá bhfuil an dréimre imthighthe a bhí annso indhé.
- Informant
- Siobhán De Barra
- Gender
- Female
- Age
- 92
- Address
- Cappaboy More, Co. Cork
- Bhí biteamhnaigh i gComfóla fadó agus caith na daoine bochta na gabhair a cheangail na leapa. Ní raibh aoinne dul uathu. Thánagadar isteach agus do thosnuig na daoine a bhí ag sgorúicht ag cnaga a n-ingní i gcoinnibh a chéile nuair a bheadh an dream eile ag goid na ngabhar ag leogaint ortha gurb é a gcíre a bhí á cogaint aca.(continues on next page)