School: Scoil N. Mocomóg
- Location:
- Cappaboy More, Co. Cork
- Teacher: Seán Ó Macháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Scoil N. Mocomóg
- XML Page 252
- XML “Ball na Lorgain”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)agus ní raibh fhios ag éinne cearbh é an t-athair. Do chuairdígheadh gach aon áit agus t'réir cúpla blían do cuireadh gairm-scoile amach a rádh le gach duine teacht feachaint ar bhféidir an t-athair d'fhágail amach. Do tháinig na fir go léir agus do tháinig ball na lorgain comh maith leis. Do bhí ubhall ag an leanbh, agus pé draoidheacht a bhain leis ní thabharfad sé d'éinne d'íarrfad é acht don athair ceart. D'íarr na fir go léir é ach ní bhfuair éinne é ach nuair d'íarr Ball na lorgán é do fuair sé é. Do thógadh suas é féin agus an bhean uasal na bpriosúnaigh agus do cuireadh isteach i mbairrle iad agus clár [gatortha?] agus do cuireadh amach sa bhfairrge íad mar go raibh athair na mná ar buile.Do bhíodar amuig ar an bhfairrge agus do bhí an t-ocras ag teacht ar ball na lorgain agus d'iarr sé ar Dhia agus ar an leipreacán bíad a chur cuige. Do chualadh an bhean é ag ithe aige mar go raibh an clár eatorrtha."Cad ta'n tú ag ithe a bhall na lorgánn, ar seise. "Táim ag ithe" ar seisean "bíad a chuir Dhia agus an leipreachán chúgham mar go gcuireann síad gac aon rud chúgham mar go gcuireann síad gac aon rud chughamh ach é d'íarraidh ortha."Ní h-iarrfá ortha" ar seise, "an clár so do bhriseadh agus an bheirt againn do chur amach ar an dtalamh trim".D'íarr sé é sin agus annsan dubhairt sí leis a íarraid ar Dhia agus ar an leipreachán bréag mór a dheanamh de agus culaith éadaig bréagh a chur air. D'íarr sé é sin agus do deineadh duine uasal de láithreach. Dúbhairt sí leis annsan a íarrfidh ar Dhia agus ar an leipreachán tig bréag mór a dheanaimh dóibh agus go mairfeadh an bheirt aca ann. Do bhí tig bréag aca annsan agus cupán salainn mar cómhgar chun an tighe agus dúbhairt sí lá a íarraidh air Dhia agus ar an leipreacán bachach á deanam dá h-athair ach mála agus capall d'fhágaint aige.Lá amháin do tháinig an t-athair an treó ag lorg deirce agus níor aithin sé ball na lorgain ná a [hingean?] in aon chor. Thug sí biadh(continues on next page)