Scoil: Scoil N. Mocomóg
- Suíomh:
- An Cheapach Bhuí Mhór, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Seán Ó Macháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Fadó bhí fear 'na cómhnuidhe in áit éigin. Lá amháin d'imthigh sé amach ag foláireach. Bhí gúna aige ag dhá luirg aige agus bhí na laetheannta gairid an uair sin mar bhí sé timcheall na Nodlag. Do stop sé annsa is annsúd agus dho sleamhnuigh sé i bhfad o'n a thigh féinig. D'iompuig sé ar a shala chun teacht abhaile agus chonnaich sé go raibh amhras éigin ag na gadhar i n-aice your mhóir aitinn a bhí i n-aice na coille. Do bhuail sé an tor agus má dhein cad d'imthigh as acht cat breágh. Bhí an fear ar buille agus d'árduigh sé a ghuna agus do scaoil sé leis an gcat chun é do mharbhúghadh. Cad d'imthigh air acht anus do dhul thar an duine acht pé scéal bhí rian na fola 'na dhiaidh mar do ghonadh go holch é.
Do lean na maddraí an cat agus is amhlaidh a d'imthigh sé isteach sa chuill agus isteach leis na maddraí 'na dhiaidh. Thosnuigh an fear ag glaodhach ortha agus ag feadúil ortha, agus níor thánagadar tar n-ais cuighe. D'fán sé ann an feadh uair a chluig agus ní thánagadar(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seán O Macháin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Chaolchoill, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Siobhán De Barra
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 64
- Seoladh
- Carraig an Easaigh, Co. Chorcaí