School: Scoil N. Mocomóg
- Location:
- Cappaboy More, Co. Cork
- Teacher: Seán Ó Macháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Scoil N. Mocomóg
- XML Page 315
- XML “Seantóir”
- XML “Aifrinn Fadó”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ní le rádh go gcuirfidís airgead do chuir síos sar a (thóga dar) thógfaidís an fódh leo.Deirtear leis gur chuireadh na franncaigh as Cillmocmógh go Garrdha Mhurchadha le draoidheacht mar seo."Síar long go garrdaí Mhurchadha
Mar a bhfuil an cnuimh ithireach
An teancil o rúidh". (teounkilo:ru:ig) - In aimsear na dlighthe píanamhla d'airigheas féin ó na sean-daoine go raibh aifrinn á léigheamh ag na sagairt annso is annsúd ar fuaid na paróiste. I n-aice na scoile in a bhfuilim ag múineadh i gCeapach Buidhe tá Clais mhór fhada ar a dtugtar Clais an Aifrinn, agus áit an dheas is eadh í. Nuair a bhí na saighduírí ag rith i ndiaidh na sagart ní raibh sé ceaduighthe aca aifreann á rádh ins na seipéilibh. Annsan chuadar [léigheamh?] agus í ag chur seacha go minic.Tamall fada na dhiaidh san nuair a bhí na saighduírí imthighthe bhí clog an aifrinn le cloisint ag na daoine mór-thomcheall na h-áite seo, gach Domhnach ar a dho-dheug a chlog. Dónal Phaidir a tugtar air agus ní-ró fhada o shion a fuair sé bás. Bhí sé in a chómhnhuidhe i dtig Dhónail líath agus dúbhairt sé an rud san cúpla blíain sar a bhfuar sé bás. Tá streapanna dul suas go dtí cloch na hAltórach agus tá pluais(continues on next page)