School: Scoil N. Mocomóg

Location:
Cappaboy More, Co. Cork
Teacher:
Seán Ó Macháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0283, Page 325

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0283, Page 325

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Scoil N. Mocomóg
  2. XML Page 325
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    ar a chéile; gurb ghearr dóibh dul in áit éigin ar baile agus dul i mbun soláthar dóibh féin. An oidhche bhí ann na gceann chuaidh an triúir go dtí a máthair agus d'innseadar a scéal dó, go raibh lán deúnta aice leó agus anois go ndeunfaidís rud éigin di. Ba leasc leithe aon fhreagra a thabhairt orrtha, mar níor rith sé ríamh leithe go mbuailfeadh a leithéid d'fhonn íad. Acht ar an taobh eile den scéal, ba leasc leithe aon bhac a chur ortha, mar is mairg a chuirfeadh isteach ar dhuine 'na shaoghal.
    Bhoil arsa sí, níor thuar mé a leithéid sim de chor díbh agus má imthigheann sibh is uaigneach a bhead-sa 'nbhúr ndiaidh. Acht ós toil libh imtheacht, ní beidh sé le casadh (sibh) agaibh choidhche liom gur bhachas bhúr leas díbh. Tá fhios agaibh gur mhaith liom go maith sibh, agus tá gach aon choinne againn ach imtheacht gan casadh dhíbh é go gcuimhneóchaidh sibh orm i gcómhnuidhe. Tá mo bheannacht-sa agaibh, pé áit a raghaidh sibh. Annsan do tháinig brón ortha agus do ghealladar láithreach go bhfillidís thar n-ais airís i gceann blíadhna.
    Ar maidin lá ar na bháireach d'eirigheadar. D'itheadar a mbriacfast agus chuireadar i gchóir d'on mbóthar. Nuair a bhíodar i gcóir d'fhágadar slán ag a máthair agus ar leó. Bhíodar ag imtheacht leó an bóthar gur theagmuigheadar le crosaire Cuasán. Tuitim na h-oidhche a bhí ann an uair san. Annsan bhog gach fear chun bóthair agus ní h-aitristear scéala ó aoinne aca go raibh ceann aca'na príntíseach, na suinéir, ceann eile na foláireach agus ceann eile na gaduidhe. I gcionn na blíadhna ba é an t-é ba shine bhí orrtha an chéad duine a bhí ar an mbaile. Ní fada a bhí sé nuair thosnuigheadar ag cainnt. Sa cainnt dóibh d'fhíafruigh an céad fhear den tarna fear connuis d'eirig dó
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0653: The Four Skillful Brothers
    Language
    Irish
    Collector
    Seán O Macháin
    Gender
    Male
    Address
    Kealkill, Co. Cork
    Informant
    Diarmaid O Seaghdha
    Gender
    Male
    Age
    55
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Dunnamark, Co. Cork