School: Scoil N. Mocomóg

Location:
Cappaboy More, Co. Cork
Teacher:
Seán Ó Macháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0283, Page 326

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0283, Page 326

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Scoil N. Mocomóg
  2. XML Page 326
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    nó an raibh aon rud aige tar éis na blíadhna. "An [drae] rud" ar sí ach amháin gur foghluimigheas céird. Bitheamhnach íseadh mé. Ní raibh acht an méid sin ráidhte nuair a tháinig an tríomhadh fear, agus ní ró-fada a bhí sé sa chainnt nuair d'fhiáfhruig an chéad fhear de an raibh aon chonlac beag aige tar éis a shathair "Pinginn" ruadh ar sé, "Níl agam. Níl agam acht an guna seo a cidheann tú I'm láimh. Foghlaer íseadh mé.
    "Go maith" arsa an chéad fear, "Ní fearr ar domhan port atá agat, muna bhaoghal dúinn féin tú. Níl aon mhaith a bheith ró-fhiosrach leat-sa. Bhuaileadar isteach agus bhí a máthair ann rómpa. Is uirthe a bhí an t-athas íad d'fheiscint isteach cuice. Do phóg sí íad agus deoch sé íad. Ba mhór an óige agus luigheadar ar sheancus. Niorbh fhada sa seachus dóibh nuair a bhí fhios aige cad ab fhuí íad tar éis na blíadhna. Dúbhairt sé go raibh árd obair déunta aca, mar gurbh fhearr céird aon lá nú bheith 'na h-éaghmuis.
    Chuadar amach ar an ndroicheadh mar bhí an tig ró the ar sa duine aca, ba mhaith liom tastáil bheag a bheith agam araibh feucaint an bhfuil bhúr gcéird i gceart agaibh. Bhí crann timcheall ceithre fichid slat ar aoirde i lár na páirce a bhí i bhpáirc an easaigh. Bhí meas préacáin ann agus an préacáin istig ann agus é na luighe ar na h-uibheachaibh. Má tá do chéird agat-sa anois a bitheamhnaigh. Téidir anáirde sa crann sin agus beir leat anois anuas na h-uibhe sin chúghainn gan an t-éinín sin a chorruighe. Ní thúisce bhí an chainnt as béal an duine ná mar a bhí bitheamhnaigh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0653: The Four Skillful Brothers
    Language
    Irish
    Collector
    Seán O Macháin
    Gender
    Male
    Address
    Kealkill, Co. Cork
    Informant
    Diarmaid O Seaghdha
    Gender
    Male
    Age
    55
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Dunnamark, Co. Cork