School: Bárdínse (roll number 12399)
- Location:
- Barr Duínse, Co. Cork
- Teacher: Cáit, Bean Uí Riórdáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Bárdínse
- XML Page 204
- XML “Scéal Grinn”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sgéal GrínnBhí bean feirmeóra ann tráth agus bhí buachaill aimsire aice. Bhíodh sí ag troid leis igcómhnuighe. An lá is fliche a thagadh nuair a shuidheadh sé cois na teine do bhíodh sí ag steallad an uisce friochaigh ar a chosaibh agus bhíodh sí á rádh ná beadh an cíos aic d'fhear an éilimh. D'imthig sé uaithe ar fad agus dhein sé an aoir seo dhi."An bean úd gur mhór leí d'ithinn,
Is gur bheag léi do dheininn,
Gan cíos lae le Muire aici,
Ná suidhe cun na teine aici,
Ach an t-uisce friochaigh dá sgóladh,
Is an cómhra ar leathad dhi,
Is nár deinid dia trócaire beó ná marb uirthe."Máire Ní Dhuinnín Na Milíní.
Fuaras an sgéal seo thuas óm' sheana mháthair.- Collector
- Máire Ní Dhuinnín
- Gender
- Female
- Address
- Na Millíní, Co. Cork