School: Baile Mhúirne (C.)
- Location:
- Baile Bhuirne, Co. Cork
- Teacher: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
![The Schools’ Collection, Volume 0331, Page 259](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0331%2FCBES_0331_259.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0331, Page 259
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Mhúirne (C.)
- XML Page 259
- XML “An Spré”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- An SpréBhí cailín ann fadó agus nuair a bhí sí fiche bliadhain d’aois dubhairt a máthair léi go gcaithfeadh sí pósadh agus do chuaidh a h-athair ag déanamh cleamhnas di agus ‘sé rud a bhí á rádh aige ná “tá cailín breágh agam sa bhaile agus aoinne a phósfaidh í tabharfad céad púnt do.”
Aon lá amháin chuaidh an fear go Corcaig agus do chuaidh sé isteach i dtig mbeag suarach agus do bhí alán cloinne aige agus bhíodar ana bhocht.
Dubhairt athair an cailín “tá cailín breágh agam sa bhaile agus aoinne a phósfaidh í tabharfad céad punt do.” Bhí mach aige agus d’ólfadh sé Loch Éirne agus do phós an cailín an buachaill a bhíodh ag ól agus do fuaradar an céad púnt.
Do bhí an cailín agus an buachaill ana ceanamhail (ceanúil) ar a chéile ach i gcionn seachtmhaine mó mar sin do bhí an chéad(continues on next page)- Collector
- Siobháin Ní Scanaill
- Gender
- Female
- Age
- 11
- Address
- An Cheapach Thiar, Co. Cork
- Informant
- Domhnall Ua Seanaill
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 67
- Address
- An Cheapach Thiar, Co. Cork