School: Baile Mhúirne (C.)

Location:
Baile Bhuirne, Co. Cork
Teacher:
Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0331, Page 429

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0331, Page 429

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Mhúirne (C.)
  2. XML Page 429
  3. XML “Scéal Dhómhnaill Mhóir”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear 'na chómhnuidhe i mBaile-Mhúirne uair agus 'sé an ainm a tugtaí air ná Dómhnall Mór. Bhí a bhean marbh agus bhí sé ana bhocht. Bhí triúr clainne aige, beirt mhach agus aon inghean amháin. Do phós an inghean fear saidhbhir ach ní raibh aon spré aici mar bhíodar ana bhocht.
    Nuair abhí sí pósta bhí saoghal breágh aici. Bhí tig ana mhór aca. Oidhche amháin bhíodar ag dul a chodladh agus bhí duine bán istig ann agus é ag gol agus tháinig eagla ar an mnaoí agus dubhairt sí go ritheadh sí abhaile, ach dubhairt an fear gurb'é a athair féin é agus gan aon eagla a bheith uirthi.
    D'imthigh an cailín léi agus ní raibh sí imthighthe ró-fhada in-aon-chor nuair a chuaidh an rud bán 'na dhiaidh. Do ghlaoidh sé uirthi agus do stop sí ar an mbóthar agus d'iompuig sí timpeall agus d'fhiafhruig sí de cad abhí air agus dubhairt sé chun fanamhaint leis. Do rith sí chómh tapaidh agus bhí 'na cosa go dtí an
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Nóirín Ní Dhuinnín
    Gender
    Female
    Address
    Baile Bhuirne, Co. Cork
    Informant
    Bean Sheáin Uí Luasaigh
    Gender
    Female
    Address
    Baile Bhuirne, Co. Cork