School: Baile Mhúirne (C.)
- Location:
- Baile Bhuirne, Co. Cork
- Teacher: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Mhúirne (C.)
- XML Page 0585
- XML “An Úllghort”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Do bhíodh ana eagla ar an chlann roimis. D'airig file éigin mar gheall air agus do dhein sé bhéarsaí mar gheall air. Do bhí ana fhearg ar an file ansan. Do bhí a bhean ar buille chuige agus ar a chlann leis.
Aon lá amháin dúbhradar le na chéile go n-imtheóchaidís uaidh ar fad agus d'imthígheadar. Do bhí an file ag déanamh amhráin mar gheall ar ansan agus do bhí sé sin a déanamh amhráin mar gheall ar sin leis.
Do chuir sé fógra amach gá rádh ansan go bhféadfhadh aoinne ba mhaith leis na rudaí sa gháirdín d'ithe. Ní raghadh aoinne i n-aice leis ansan agus do bhíodar ag cúmadh amhráin mar gheall ar gach lá. Níor bhfada na dhiaidh sin go bhfuair sé bás agus ní raibh aon cathúghadh ar an bhean na dhiaidh.
Do mhaireadar go socair sásta as san amach agus nuair a fuair an máthair bás do bhí ana catúghadh ar an clann na dhiaidh.- Collector
- M. Ní Críobáin
- Gender
- Female
- Informant
- S. Ó Liatháin
- Gender
- Male