Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Cork
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0334, Leathanach 0590](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0334%2FCBES_0334_0590.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0334, Leathanach 0590
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do bhí bean bocht ann tímpal chéad bliadhain ó shoin agus do bhí sí pósta ach do bhí an fear tar-éis bháis. Do bhí feirm mór aice agus níor thaithn sí le h-aon buachaill bheith ag obair de'n bean mar ní raibh aon bhuachaill ann chun aon rud do dhéanamh agus nuair a thiocfhadh deire na mbliadhna ní thabharfhadh an bhean aon airgead do mar níraibh puinn de aice.
Oidhche amháin do bhí sí istig na shuidhe in-aice na teine agus nuair a tháinig a deich a chlog d'airig sí an fothram amuig ag an ndoras mar a bheadh duine éigin ag teacht agus do bhí sí ag feitheamh go dtí fo dtiocfhadh duine éigin isteach.
Tar-éis tamaill d'imthig an fothram airís agus do tháinig sé airís tar-éis cúpla neómartaí. Sa deire do(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nóra Ní Chéilleachair
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Faisnéiseoir
- Cáit Bean Uí Seitheacháin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 85