School: Baile Mhúirne (C.)
- Location:
- Baile Bhuirne, Co. Cork
- Teacher: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Mhúirne (C.)
- XML Page 428
- XML “An Bhean Bhocht”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)eile aisti agus ní dubhairt aoinne pioc. Do bhí áthas an domhain ar an bhfirín mbeag. Dubhairt sé le Dómhnall dá gcuirfeadh sí sraoth eile aisti agus muna ndéarfadh aoinne pioc go mbeadh sí aige féin d'aimhdheoin an Sagart is an méid Aifreann a dubhairt sé riamh. Do bhí ana thruagh ag Dómhnall de'n cailín agus níor mhaith leis í a bheith pósta le 'na leithéid de sheanóir caithte liath.
Do chuir sí sraoth eile aisti agus dubhairt Dómhnall "Dia linn is Muire" Do léim an firín beag agus teine ag teacht amach as a shúilibh agus do bhuail sé buille dá bhróig ar rúmpa a thónn ar Dómhnall agus do chaith sé síos ar mhullach a cinn ar an mbórd agus do bhí sé chómh mór is abhí sé riamh nuair a thuit sé síos. D'innis Dómhnall an sgéal go léir dóibh agus do phós an Sagart iad ar an spota agus d'fhan Dómhnall ansan ar feadh seachtmhaine.- Collector
- Cáit Ní Shúileabháin
- Gender
- Female
- Age
- 16
- Address
- Baile Mhic Íre, Co. Cork
- Informant
- Bean Sheáin Uí Luasaigh
- Gender
- Female
- Age
- 68
- Address
- Baile Mhic Íre, Co. Cork