Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0335, Leathanach 428](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0335%2FCBES_0335_428.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0335, Leathanach 428
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- XML Leathanach 428
- XML “An Bhean Bhocht”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)eile aisti agus ní dubhairt aoinne pioc. Do bhí áthas an domhain ar an bhfirín mbeag. Dubhairt sé le Dómhnall dá gcuirfeadh sí sraoth eile aisti agus muna ndéarfadh aoinne pioc go mbeadh sí aige féin d'aimhdheoin an Sagart is an méid Aifreann a dubhairt sé riamh. Do bhí ana thruagh ag Dómhnall de'n cailín agus níor mhaith leis í a bheith pósta le 'na leithéid de sheanóir caithte liath.
Do chuir sí sraoth eile aisti agus dubhairt Dómhnall "Dia linn is Muire" Do léim an firín beag agus teine ag teacht amach as a shúilibh agus do bhuail sé buille dá bhróig ar rúmpa a thónn ar Dómhnall agus do chaith sé síos ar mhullach a cinn ar an mbórd agus do bhí sé chómh mór is abhí sé riamh nuair a thuit sé síos. D'innis Dómhnall an sgéal go léir dóibh agus do phós an Sagart iad ar an spota agus d'fhan Dómhnall ansan ar feadh seachtmhaine.- Bailitheoir
- Cáit Ní Shúileabháin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 16
- Seoladh
- Baile Mhic Íre, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Bean Sheáin Uí Luasaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 68
- Seoladh
- Baile Mhic Íre, Co. Chorcaí