School: Leaca Riabhach, Maghcromtha (roll number 9243)
- Location:
- Lackareagh, Co. Cork
- Teacher: Máiréad de Búrca
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Leaca Riabhach, Maghcromtha
- XML Page 095
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Maidin Lae Bealtaine cuaidh fear darabh ainm Tadg Ó Murcadha ó Cill na Rómhánach agus beirt fear eile ó'n áith céadna go Castlemore a d'iarraidh aoil. Bhí sé ana luath ar maidin. In áit áirighthe ar an slighe tá dá sruthán ag bualadh um a chéile. Bhí alán crann ag fás ann agus connaic na fir bean istig imeasc na gcrann. Bhí tubán aici agus bata istig ins an tubán. Rith an bhean nuair connaic sí iad ag féachaint uirthi agus cuaidh na fir isteach agus thógadar an tubán agus an batha. Coimead Tadg Ó Murcadha é, agus chuir sé iad taobh thiar dé'n dorus ina thig féin. An mhaidin ina dhiaidh sin bhí an tubán lán d'ím, agus an maidin ina diaidh sin bhí sé lán d'ím. Cuaidh sé go dtí an sagart agus d'innis sé an sgéal do. Dubhairt an sagart an batha a thógaint go dtí an kiln in Castlemore agus é do cur isteach ann. Dheineadar san agus tháinig an batha amach tríd an teine slán. Baineadh triail as an dara h-uair agus tháinig sé amach slán airís. Annsan thógadar é go dtí salth kiln I gCorcaig. Cuir san deire leis an mbatha agus níor tháinig aon ím san tubán indiaidh sin.