School: Clochar na Trócaire, Maghcromtha (roll number 10047)
- Location:
- Macroom, Co. Cork
- Teacher: Na Siúracha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Clochar na Trócaire, Maghcromtha
- XML Page 023
- XML “Paidreacha”
- XML “Caisleán Mhaigh Chromtha - ó 1650 go dtí an Lá Inniu”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Céad moladh agus buidheachas le h-Íosa Críost i dtaobh ar itheamar agus a n-íosfaimíd d'en biadh. Fuaireas é seo ó Shiobhán Ní Liatháin, Tuirín-Lathárd, Béal Átha'n Gaothraidh
- Sé an tráth is tábhachtaighe i Stair an chaisleáin ná an tráth nuair a bhí cath i bPáirc an Chaisleáin; an cath ar a dtugtar "Cath Mhághcromtha." Sa bhlian 1650, bhí Cluain Meala dhá ionnsuidhe ag arm Chromaill. Tháinig Mac Aodhagáín, Easbog an Ruis, go dtí Mághcromtha agus bhailig sé arm i bpáirc an Chaisleáin. Bhí 4,000 de cheithearnaig agus 300 de mharchaigh aige - 4,300 saighdiúrí ar fad. Bhí sé idir dhá chómhairle dul go Cluain Meala nó fanamhaint mar a bhí sé, mar bhí fhios aige go gcuirfeadh an sluagh seo eagla ar an namhaid agus go h-imtheóchaidís ó'n mbaile.
Nuair d'airigh Cromail go raibh sé ag teacht 'na choinnibh le h-arm láídir, chuir sé an Tighearna Broghill ó dheas chun sluaighte an Easbuig do sgaramhaint. Tháínig 2,000 marcach agus 1600 ceithearnach leis.(continues on next page)