School: Clochar na Trócaire, Maghcromtha (roll number 10047)

Location:
Macroom, Co. Cork
Teacher:
Na Siúracha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0342, Page 023

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0342, Page 023

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clochar na Trócaire, Maghcromtha
  2. XML Page 023
  3. XML “Paidreacha”
  4. XML “Caisleán Mhaigh Chromtha - ó 1650 go dtí an Lá Inniu”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. You are not logged in, but you are welcome to contribute a transcription anonymously. In this case, your IP address will be stored in the interest of quality control.
    (continued from previous page)
    Transcription guide »
    By clicking the save button you agree that your contribution will be available under the Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License and that a link to dúchas.ie is sufficient as attribution.
  2. Sé an tráth is tábhachtaighe i Stair an chaisleáin ná an tráth nuair a bhí cath i bPáirc an Chaisleáin; an cath ar a dtugtar "Cath Mhághcromtha." Sa bhlian 1650, bhí Cluain Meala dhá ionnsuidhe ag arm Chromaill. Tháinig Mac Aodhagáín, Easbog an Ruis, go dtí Mághcromtha agus bhailig sé arm i bpáirc an Chaisleáin. Bhí 4,000 de cheithearnaig agus 300 de mharchaigh aige - 4,300 saighdiúrí ar fad. Bhí sé idir dhá chómhairle dul go Cluain Meala nó fanamhaint mar a bhí sé, mar bhí fhios aige go gcuirfeadh an sluagh seo eagla ar an namhaid agus go h-imtheóchaidís ó'n mbaile.
    Nuair d'airigh Cromail go raibh sé ag teacht 'na choinnibh le h-arm láídir, chuir sé an Tighearna Broghill ó dheas chun sluaighte an Easbuig do sgaramhaint. Tháínig 2,000 marcach agus 1600 ceithearnach leis.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.