School: Barrlinn

Location:
Inchinarihen, Co. Cork
Teacher:
Máire Ní Chruadhlaoich
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0282, Page 013

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0282, Page 013

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Barrlinn
  2. XML Page 013
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title)

    Lá amháin bhí Fionn agus na Fianna amuigh ag fiadhach agus ag sealgaireacht.

    Lá amháin bhí Fionn & na Fianna amuigh ag fiadhach agus ag sealgaireacht. Bhíodar amuigh go deireadh an lae, agus bhíodar annsan leath-marbh leis an ocras agus iad i bhfad ó bhaile.
    Ba ghnáthach le h Oscar nuair a bhídís amuigh mar sin, gan a bheith leis an mbuidhean in aon cor, acht bhíodh sé ag siubhal míle nó mar sin 'na diaidh, le h-eagla go dtuitfeadh tionósg ar bith amach dóibh, agus go mbeadh sé féin ullamh agus saor, chun cabhair d'fághail dóibh. Mar sin a bhí an sgéal acu an lá san.
    Tháinig Fionn agus a feara ar thigh deas in áit uaigneach. Ba dheas an crot a bhí ar an dtig agus chuadar isteach. Bhí seomra mór glan leathan ann, agus, dá theine ann - ceann ar gach taobh agus iad gan aon smut dubh ionnta. I lár an urláir, bhí bórd mór lán de gach saghas bídh. Ní raibh éinne istigh sa tigh. Bhí na Fianna ag tuitim leis an ocras agus shuideadar isteach cun búird agus d'itheadar agus d'óladar a ndóthain.
    Bhíodar ar tí imtheacht annsan acht níor bhféidir leo eirighe as an áit. Bhíodar ceangailte leis na cathaoireachaibh agus na cathaoireacha ceangailte leis an úrlár. Annsan do thuigeadar go raibh draoidheacht imeartha ortha
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
        1. Fianna (~595)
    Language
    Irish