School: Barrlinn

Location:
Inchinarihen, Co. Cork
Teacher:
Máire Ní Chruadhlaoich
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0282, Page 014

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0282, Page 014

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Barrlinn
  2. XML Page 014
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title) (continued)

    Lá amháin bhí Fionn agus na Fianna amuigh ag fiadhach agus ag sealgaireacht.

    (continued from previous page)
    Bhíodar i gcruaidh-cás agus do chogain Fionn a órdog, agus fuair sé fios ar an nóiméad cad ba cheart a dhéanamh.
    Bhí Oscar ag déanamh ar an dtigh agus ghlaoidh Fionn air in árd a ghotha - "
    "A Oscair" ar seisean "Fan mar a bhfuilir Tá draoidheadht imeartha orainn agus táimíd ceangailte annso. An dream d'imir an cleas so, tá siad cun ár marbhuighthe. Tá siad i bhfad uainn fós acht tá siad ag teacht chughainn ar a ndíthcheall. ''Sé rud is fearr dhuit a dhéanamh ná dul 'na gcoinnibh
    Tá bearna tímcheall trí mhíle ó dheas ón áit seo agus beidh siad ag teacht tríd an béarna gan mhoill. Bí san áit sin rómpa, agus bain an ceann de gach duine riamh acu, agus bailig an fuil, mar sé sin an t-aon rud amháin a dheanfaidh sinne do shabháil - é do chimilt fé 'nár gcosaibh agus ar suidheacánaibh na gcathaoir."
    D'imthigh Oscar gan mhoill agus dhein sé mar a dúbhradh leis. Tháinig an sluagh chuige ar nós na gaoithe, agus is iad a bhí go meidhreach, agus iad ag cuimhneamh ar an sgrois a deinfí ar an bhFéinn.
    Tháinig Oscar amach rómpa, agus bhain sé an ceann de gach duine riamh acu, agus bhí an
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
        1. Fianna (~595)
    Language
    Irish