School: Barrlinn

Location:
Inchinarihen, Co. Cork
Teacher:
Máire Ní Chruadhlaoich
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0282, Page 015

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0282, Page 015

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Barrlinn
  2. XML Page 015
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title) (continued)

    Lá amháin bhí Fionn agus na Fianna amuigh ag fiadhach agus ag sealgaireacht.

    (continued from previous page)
    fuil ag rith mar abha dearg tríd an bearna Ní raibh aon rud ag Oscar i gcóir na fola, acht a hata amháin. Do líon sé a hata leis an bhfuil, agus d'fhill sé thar na-ais chun an tighe. Dubhairt Fionn leis, a chosa féin do chimilt leis an bhfuil.
    Do dhein Oscar é sin, agus do chimil sé gac fear acu annsan, ag tosnú le Fionn agus ag críochnú le Conán Maol. Nuair a bhí cosa Chonáin saor, ní raibh braon eile fola fágta i gcóir suidheacáin an cathaoreach agus bhí Conán ceangailte san áit sin fós. Ní raibh aon rud le déanamh acht é do stracadh ón gcathaoir. D'fan a croiceann ar an gcathaoir.
    Do chogain Fionn a órdóg. Sé an fios a fuair sé, na dul amach agus caoire do mharbhú, agus an croicheann do bhaint de, agus é filleadh te ar Chonán. D'fhan an croiceann ceangailte ann as san amach. D'fás an olann ar an gcroiceann, agus bhí air, é do bhearrradh go minic. Do choimeád an píosa chroicinn sin a ndóthain olna igcóir stócaí do' bFéinn as sin amach
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
        1. Fianna (~595)
    Language
    Irish