School: Barrlinn
- Location:
- Inchinarihen, Co. Cork
- Teacher: Máire Ní Chruadhlaoich
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)dó ní fhuaradar Bhí an rí ar buile. Do chonnaich duine éigin an lad ag éalódh. Thug an rí ordú go gcaithfidhe é leanúint. Chuaidh a raibh ar an bpáirc indiaidh an bheirt a bhí imthighthe. Bhíodar san ag rith ar a ndithceall.
Do labhair an t-sean bhean. "Rith amach romham, a chroidhe, agus annsan rith ar ais cughamse agus léim ar mo ghualainn feúchaint an bhfuiltear ár leanúint."
Do dhein Fionn amhlaidh. "Tá gach duine sa bhfaithce ag rith 'nár ndiaidh" ar seisean.
"Ó, níl baoghal orainn", ar sise "ní bhíonn aon maitheas i sluaigh mar sin, tiocfaidh tuirse ortha"
Tar éis tamaillín éile - "Rith amach romham a chroidhe", arsan sean-bhean "agus annsan fill airís chugham-sa agus léim ar mo ghualainn feúchaint cé tá, 'ár leanúint."
Do dhein Fionn mar dubhradh leis. "Tá dream ann" ar seisean "ar capallaibh bána."
"Níl baoghal orainn ar sise, "bíonn an bán bog"
Dubhairt sí leis é do déanamh an tríomhadh uair. Do dhein. "Tá", ar seisean "dream ar capallaibh dubha."
"Níl baoghal orainn" ar sise "bíonn an dubh lag"(continues on next page)- Informant
- Séamas Mac Coitir
- Gender
- Male
- Age
- 80
- Address
- Bantry, Co. Cork