School: Barrlinn

Location:
Inchinarihen, Co. Cork
Teacher:
Máire Ní Chruadhlaoich
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0282, Page 020

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0282, Page 020

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Barrlinn
  2. XML Page 020
  3. XML “Scéal mar gheall ar Conas a Fuair Fionn Mac Cumhaill a Ainm”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    An céad uair eile, do rith sé amach, d'fill ar ais agus léim ar a gualainn, "Tá" ar seisean dream, ár leanúint ar capallaibh donna."
    "Eireócaidh leo san" ar sise "bíonn an donn cruaidh. Ná bac liom-sa anois" ar sise "ní bheidh aon seans acu teacht suas leat-sa. Cad é an púsáir mise seachas tusa? Rith leat féin id aonair."
    "Ní dheanfad a leithéid, a mham" arsa Fionn ní thréigfead tusa ar a bhfuil in Éirinn
    Nuair nárbh aon mhaitheas di bhéith ag áiteamh[?] leis chuadar ar aghaidh, acht bhí an t-seanbéan ag dul i laige. Annsan thóg Fionn í ináirde in a bhaclainn agus as go brách leis ar nós na gaoithe. Deirig leis dul saor ó lucht a leanta acht nuair srois sé a bhaile féin sa gcoill bhí a shean-mháthair marbh. Ní h-amháin go raibh sí marbh acht ní raibh aige ar a ghualainn acht a cabhál - bhí a ceann imthighthe di tar éis bheith ag bualadh na gcrann agus na dtor san rás.
    Bhí brón mór ar Fhionn. Bhí a chuid éadaig féin 'na bhalcaisibh leis. Do chuir sé an t-sean bhean. Cuaidh sé féin agus Bran amach ag fiadhach mar[?] theastuig uaidh biadh agus croicinn mar éadach. Annsan tar éis tamaillín d'fág sé slán ag Bran agus
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
        1. Fianna (~595)
    Language
    Irish
    Informant
    Séamas Mac Coitir
    Gender
    Male
    Age
    80
    Address
    Bantry, Co. Cork