School: Cill na dTor, Dún Mánmhaí (roll number 16254)

Location:
Kilnadur, Co. Cork
Teacher:
Pádraig Ó Donnabháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0305, Page 137

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0305, Page 137

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cill na dTor, Dún Mánmhaí
  2. XML Page 137
  3. XML “Scéalta i dtaobh Púca”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    fhear ag fágaint tíghe taréis bheith ag sgoruidheacht ann chuaidh fear an tighe amach cun na mbeithidheach d'fheiscint Chuaidh sé isteach sa pháirc a bhí ó's cómhair an tíghe. Bhí cúig caoire deug i lár na páirce agus i na measg bhí bean agus culaith bán dá caitheamh aice. Tháinig scannradh ar an bhfear chómh luath agus a chonnaic sé í agus do rith sé leis féin cun a mhá. Bhí a bhean ag deunamh a cuid oibre timcheall an tighe agus nuair a chuir a chéile i n-iúl dí mar gheall ar an mnaoi a chonnaic sé is láidir nár thuit sí.
    Chuadar araon amach agus bhí an bhean ins an bhpáirc go dtí seo agus na caoire i na h-aice. Do ghlaodar ar dhuine de's na cómharsanaibh ach nuair a tháinig seisean ní fheadfadh sé aon bhean d'fheiscint. Is amhlaidh a bhí sé ag magadh fé'n bhfear agus fé na mhnaoi. An oidhche ceudhna fuair driofúr an fhir a chonnaic an bhean bás. Bhí iongnadh ar chách agus deirtear gur bhí sin an bhean a connacathas.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Language
    Irish